Siar go Frig.....

Visus Interruptus

Tá dachad is a cúig bliain anois ann (2013) ó d'eisigh an Pápa Pól and tréadlitir Humanae Vitae (1968). Dhearbhaigh sí seo teagasc na hEaglaise i gcoinne chuile shórt frithghiniúna mura mbeadh an "gnéas oscailte don ghiniúint". San áireamh i dtoirmisc na hEaglaise bhí "coitus interruptus" nó an córas aistarraingthe (bhí mé ar tí an focal cúlú a úsáid ach stop mé in am).

Tá údarás na hEaglaise don teagasc seo bunaithe ar chás Onan. Deirtear gur bhuail Dia chun talaimh é "in flagrante".

Múineadh dúinn ar scoil gur i mbun glacaireachta abhí sé, ach, de réir dealramh anois, ba í an fhrithghiniúint abhí ar siúl aige, áfach.

Caithfear a admháil gur chóras frithghiniúna an mhí-éifeachtach é an córas seo. In éineacht le sin is cúis frustrachais é agus ní haon chosaint é ar ghalair gnéas-tarcurtha.

Ag an am, scríobh Michael Frayn píosa an-mhaith agus an-ghreanmhar, áit ar chuir sé teagasc an Phápa i bhfeidhm ar scatháin siar ghluaisteáin, rud ar tháinig de toirmisc iomlán ar úsáid a leithéid de bharr an tréith "visus interruptus" aige.

Tá traidisiún fada umhlaíochta ag Cathair Bhleá Cliath i leith an Suí Naofa.

Cuirtear na griangrafanna thíos i láthair i gcomhthéacs an gar-ghaol seo agus i spiorad iomlán treascartha.

Bain taithneamh astu.


Frithchaitheamh Ard-Oifig an Phoist
sa Spuaic Mhílaoiseach,
BÁC, Samhain 2006


Frithchaitheamh Iarsmaí Colúin Nelson,
BÁC, Márta 1966


Amharc Tiománaí DART,
Ráth Eanaigh, BÁC, Lúnasa 2006

Siar go Frig.....