Fill ar   Signs English




Tá méis cheart déanta de chuid mhaith de na leaganacha Gaeilge ar ainmchláir shráideanna Bhaile Átha Cliath. Caithfidh nach bhfuil tír eile ar domhan ina bhfuil cruth chomh hainis sin ar leaganacha ainmneacha sráideanna sa chéad teanga ofigiúil. Níl aon chaighdeán i reim ó thaobh leaganacha Gaeilge de na hainmneacha céanna béarla. Tá an litriú ar nós cuma liom. Agus tá an oiread sin baothaistriúcháin ann de ainmneacha nach raibh Gaeilge riamh ortha agus nár chóir a bheith.

Thugas féin roinnt díobh seo faoi ndeara ó am go ham agus bheartaíos griangrafanna a ghlacadh díobh. Seo thíos roinnt de na griangrafanna san a thógas le thart ar bhliain anuas. Tá mé ag smaoineamh ar gan cur leo a thuilleadh. Níor chuir mé aon stró orm fhéin teacht orthu. Tháinig mé orthu ar fad tré thimpist ach caimeara a bheith liom. Má leanaim le seo beidh toirt leabhair de ghriangrafanna anseo sar i bhfad.

Tá ábhar ar leaganacha cearta ar fáil ag an sárshuíomh ghréasáin ag Séamas Ó Brógáin.

Mar chabhair don léitheoir tá leagain Shéamais sa tábla thíos agus tá siad ins na biorraí faisnéise freisin, ach an chúrsóir a choinneáil os cionn an phictiúir.








Ni fios cén amadán is cúis leis an chomhartha seo i ngiorracht mo theacsa. Béarlachas cruthanta agus míthuiscint iomlán atá ann ar shuíomh, ar ghluaiseacht agus ar threo mar a léirítear sa Ghaeilge iad. Thoir a ba chóir a bheith ann. Sin í an aidíocht chuí. Is ainmfhocal é oirthear . Déarfá, mar shampla san Oirthear . Maidir le gluaiseacht, is ag dul soir nó ag teacht anoir a bhéadh duine. Dia idir sinn is an t-olc!

Ait go leor, tá an leagan don bhothar thiar ceart! Bhuel, ceann acu ar aon nós. Féach an méis sa dara cheann ag ceann eile an bhóthair chéanna.

Agus céard faoi Ascaill Assam. Nach naomh a thuilleadh é tar éis an truaillaithe go léir seo?

Agus seo gan na huaschamóga a lua fiú.


Uasdátú: an ceann ar barr anois ceartaithe (beagnach).

Beirt amadán, ar a laghad, atá i gceist anseo. Cuirfimís an botún i leith an té a chum an comhartha seanda ar dtús. Gaeilge Bhleá Cliath aige, má bhí san fiú.

Maidir leis an dara amadán, cuma air nár chuir sé ceist ar éinne faoi ach ghlac lena raibh ann roimhe.

Séadán staire!
Dá mbeifí á thiontú seo malairt treo is dócha gur Grief Avenue a ba ghá a thabhairt air. N'fheadar an amadán a haon nó amadán a dó is cúis leis an leagan truaillithe seo.

Arthur Guinness, b'fhéidir.
Cuma air gur Gearmánach a chum an ceann seo - táthóir focal den scoth. B'fhuiriste an Ghaeilge a fhoghlum ach an ghramadach a fhágáil ar lár. Ba bheag ab fhiú é.
File manqué againn anseo. Macalla na Mara. N'fheadar céard a bhí á iompar faoina asca ll siúd aige agus an féith cumadóireachta seo idir lámhaibh aige. Mhuise.
Chuile sheans gur baisteadh an sráid seo le huisce na nGael i gcuimhne iar ábhar shagart.

Nó an i gcuimhnr dream buskers atá sé. Thug duine díobh siúd fúm san áit díreach seo tráth - fear seinte orgáin béil.

Seo ceann deas. Molesworth sa Bhéarla agus Teach Laighean sa Ghaeilge. Tá Teach Laighean fós á ghairm ar Thithe an Oireachtais agus luíonn an tainm seo le dul na Gaeilge. Ach féach amadán a dó thar nais sa chathair. Teach Laibhean ? An ina luí le bean a bhí sé agus an gníomh á cheiliúradh sa leagan ciotach seo. Nó an tagairt rí chliste é do Theach na Lobhar .

Cinnte, tá sé thar a bheith ait.
Tá an dá ainmchomhartha seo os comhair a chéile ag acomhal Shráid Chill Dara agus Shráid Nassau
"Tóin" an leagan caighdeánach den bhfocal Gaeilge ar "arse" , cé go bhféadfaí glacadh le "Tón" mar dhara rogha. Ach níl fada fiú air sa chomhartha seo.

"Póg mo thóin" an leagan ceart den nath cainte.
Mheas mé gur i ndiaidh "Betty" a ainmníodh teach Bettyglen ar an gcéad dul síos. Freisin, ní raibh Gaeilge riamh ar ainm an tigh sin. Mar sin is Bettyglen a ba chóir a bheith ann sa leagan Gaeilge. Níl sa leagan Gleann Beithe ach seafóid. Ní gleann í, ná crainn beithe ann ach oiréad.
Seo ceann casta, de réir dealraimh. Tá an dá leagan ar na hainmchláir, "Coill Mhuire" agus "Bealtaine". Fágann an leagan oifigiúil an focal "Maywood" gan a aistriú. Bhíos féin ag súil le "Coill Mhuire" a mholadh mar is iomaí áit sa Bhéarla ina bhfuil May in áit Mary. Ag an am gcéanna, is iomaí áit le hainm Maywood a thagann ón ainm sloinne "May", go háirithe ins na Stáit. Bhí "Coill na Sceiche Gile" ag Séamas ar an bhonn gur ionann iad may, whitethorn agus hawthorn sa Bhéarla. Freisin, ós rud é go luaitear coill, mheas mé féin gur ón planda a ainmníodh an eastát. N'fheadar ar smaoinigh an tógálaí féin ar na ceisteanna casta seo ar chor ar bith.

Uasdátú: Deirtear liom gur ó May Catherwood a thagann an t-ainm sa chás áirithe seo. Níl ach réiteach amháin ar an scéal áirithe seo, más ea, an leagan Béarla a fhágáil mar atá sé. Agus seo atá déanta anois i gcás Maywood Lawn ar an ainmchlár oifigiúil agus ag Séamas ar a liosta féin.
Seo ceann suimiúil. Baisteadh Cill Éanna ar Chill Éanna. Níl aon Béarla ar seo agus níor deineadh aon iarracht leagan baoth a chumadh (Killaynee?). Trua nach gcuirtear an loighic chéanna i bhfeidhm sa Bhéarla fhéin amantaí. Ach féach sa leagan oifigiúl, Cill Eanna, gan an fada atá sa Bhéarla. In ainm na marbh a d'imigh romhainn!
Ceann eile suimiúil. Níl aon ghaol idir Charlemont agus Achadh. Is ionann achadh agus gort. N'fheadar cén stair a bhaineann le seo?
Tá iliomad sórt tobair ann agus ní ghá gur uisce a bhéadh iontu. Tobar fíoruisce atá i gceist le "spring" agus is fuarán atá ar seo i nGaeilge.
Ní raibh le déanamh anseo ach an téacs ar an chomhartha a léamh roimh é a chur inairde leis an botún a aimsiú.
Ceann aisteach é seo leis. Sé ainm an bhóthair de réir an léarscáil ná Claremont Road.

Pé scéal é, níorbh ghá ach an chomartha a léamh roimh é a chur inairde chun an botún cló a aimsiú.


Sa cheann seo, tá an ceart ag an bpríomh chomhartha.

Ach a mhalairt atá ann i gcás an chomhartha níos galánta a chuir muintir na páirce fhéin inairde le déanaí. Níl an Ghaeilge fiú ceart ann.


Tá an ceann seo thar a bheith suimiúil. Tá an leagan ceart ach tá fadhb leis an cur i láthair.

Nuair nach raibh in úsáid ach an cló Gaelach d'fhéadfaí glacadh leis an céad chomhartha seo, ach ar éigin. Ach, le teacht an chló Rómhánaigh is ionann an "th" agus seimhiú ar an "t". Cad a ba chóir a dhéanamh. Cuir an focal "Dartmouth" ar a laghad sa chló Rómhánach agus i gclófhoireann éagsúil.

Cinnte, níl an dara chomhartha seo inghlactha ar chor ar bith.




Seo chugainn arís amadán a haon agus an séimhiú fágtha ar lár aige.

Ach an t-am seo tá an comhartha nua ceart! N'fheadar cad d'imigh ar amadán a dó?

Ah, seo chugainn é agus an séimhiú fágtha ar lár sa chomhartha don chéide. Ach choinnigh sé an cló Gaelach, bedad.

Tá an dá ainmchlár seo ós comhar a chéile ag acomhal Ascaill Cecil agus Bóthar Charlemont.

Ag an acomhal le Bóthar Charlemont. Mar a deir Séamas faoi Victoria Street "Ainm bréag-Ghaeilge, “Sráid na Buaidhe,” atá ar na hainmchláir. ".
Fada ró fhada, mar a déarfá.

Fiú muna bhfuil sé cruinn ceart, taithníonn an ceann seo liom. Is eisceacht é ar an riail nach chóir teidil Shasanacha a aistriú. Déanann sé iarracht dul laistiar den teideal agus an fréamh Bhreathnaise, Ynys Môn, a aimsiú, ach an baol ann gur sa phortach gaelach a bheidh sé sáite.

Go fírinneach, caithfidh mé éirí as seo. Gach uair a fhágaim an teach tagaim ar ais le tuilleadh griangrafanna aimeadacha.


Tábla Shéamais

Seo thíos sleacht as tábla Shéamais ina bhfuil
  • an bun leagan Béarla,
  • an leagan Gaeilge a mholann Séamas, agus
  • nótaí aige de réir mar is cuí.
Béarla Gaeilge Nótaí
Brian Road Bóthar Bhriain As Brian Bórú.
Hollybrook Road Bóthar Shruthán an Chuilinn Tá baile fearainn i gCo. Chill Mhantáin darb ainm Hollybrook (Muileann Réamainn an t-ainm Gaeilge), agus ceann eile i gCo. Fhear Manach.
Marino Avenue Ascaill Marino
Griffith Avenue Ascaill Uí Ghríofa As Arthur Griffith.
Collins Avenue Ascaill Uí Choileáin As Michael Collins.
Clare Street Sráid Clare As teideal Sasanach (John Fitzgibbon, "Earl of Clare," Tiarna Seansailéara na hÉireann agus cúisitheoir Wolfe Tone), a bunaíodh ar ainm sráidbhaile i Suffolk Shasana. (Ainmníodh Fitzgibbon Street as an duine céanna.) "Sráid an Chláraigh" atá sa liosta oifigiúil.
St Assam’s Road, East Bóthar San Assam Thoir
St Assam's Road, West Bóthar San Assam Thiar
St Assam's Avenue Ascaill San Assam
Molesworth Street Sráid Theach Laighean Ainm Gaeilge atá ar na hainmchláir agus a bhfuil taithí ag an bpobal air. As sloinne a ainmníodh an tsráid i mBéarla.
Kildare Street Sráid Chill Dara As teideal Sasanach (James Fitzgerald, "Earl of Kildare"), a bunaíodh ar an logainm.
Tonlegee Road Bóthar Thóin le Gaoith
Bettyglen Bettyglen
Maywood Avenue Ascaill Choill na Sceiche Gile
Cill Éanna Cill Éanna
Charlemont Road Bóthar Charlemont
Springdale Road Bóthar Ghleanntán an Fhuaráin
Ashcroft Croit na Fuinseoige
Claremont Road Bóthar Claremont
Avondale Park Páirc Avondale As an teach gar do Ráth Droma, Co. Chill Mhantáin, in onóir Charles Stewart Parnell.
Dartmouth Road Bóthar Dartmouth
Ennafort Park Páirc Dhún Éanna
Ennafort Drive Céide Dhún Éanna
Cecil Avenue Ascaill Cecil As an sloinne, b'fhéidir, nó duine de mhuintir an tógálaí. "Ascaill Shisil" atá sa liosta oifigiúil.
Victoria Villas [Cluain Tarbh] Bailtíní Victoria
Denzille Lane Lána Denzille As Denzille Holles.
Devlin's Place Plás Uí Dhoibhilin
Anglesey Street Sráid Inis Món As teideal Sasanach (Arthur Annesley, "Earl of Anglesey," tiarna talún sa cheantar seo), a bunaíodh ar logainm sa Bhreatain Bheag. "Sráid Mhón" atá ar na hainmchláir; an mílitriú "Anglesea," agus "Sráid Anglesea," atá sa liosta oifigiúil.
Fenian Street Sráid na bhFíníní
Foinnse an tábla.




Féach freisin: anseo

Fill ar   Signs English