EEC
(le Aodh Ó Domhnaill)





Neosfaidh mé scéal a chuirfidh áthas ar bhur gcroí
Ní fada go mbeidh Éire ina ball Chomhargaidh
Beidh Státsheirbhís Bhruiséil mar bhoss again
Rachaidh muid isteach, níl aon dul as againn,
Mar déanann muid gach rud a dhéann na Sasanaigh

EECdeldídí EECdeldídí dídildí
Diarmaid Mac Murrow, Mansholt agus Hillery
An bhfaca sibh ár dTeachtaí Dála le fíor dhéanaí
Ní itheann siad do dhinéar ach froganna is spaghetti
Tá blas na Fraince ar a gcuid Gaeilge
Is tugann siad Fraulein ar a mná céile
Ní Éireannaigh a thuille muid ach ábhar Eorapaigh

Ar chuala sibh cad tá i ndan dár bhfeirmeoirí
Go bhfágfaidh siad an talamh chun oibre in industry
Mar deirtear linn i gConradh na Róimhe
Nach mbeidh éinne fágtha ar an dole
Is beidh Coimisiún na Talún ceannaithe ag na Gearmánaigh

Nach cuma sa tsioc faoi national sovereignty
Déanfaimís dearmad ar Pearse agus Connolly
Ach cad a bheidh le rá ag Kevin Boland
Faoi shaighdiúirí NATO ar dhá thaobh den teorann
Díolfaimís ar n-anamnacha ar mhaithe len economy.

EECdeldídí EECdeldídí dídildí
Diarmaid Mac Murrow, Mansholt agus Hillery
EECdeldídí EECdeldídí dídildí
Ní Éireannaigh a thuille muid
Ach ábhar Eorapaigh