Teanga na nGael
(le Aodh Ó Domhnaill)


Tá daoine fós beo gus is cuimhin leo go fóill
An teilifís dhubh agus bhán
Bhí clár ag a hocht darb ainm an nuacht
Is as Gaeilge a bhí an t-iomlán
Ach scoradh an clár de bharr léitheoir amháin
A bhí ar leaba a bháis leis an bhfliú
Ba dhóbair dó tachtadh ag iarraidh a theanga a lúbadh mórthimpeall séimhiú

An cuimhin leat teanga na nGael, an cuimhin leat teanga na nGael
An cuimhin le héinne a ainm as Gaeilge, an cuimhin leat teanga na nGael
An cuimhin leat na státseirbhísigh a scríobhadh A chara, a chuisle is a stór
Ag críochnú go deas le mise le meas Míle grá agus póga go leor
Bhí roinnt daoine buartha Is dúirt siad sa chúirt nach raibh ins an méid sin ach sham
Is riailigh an diúiré de facto de jure go scríofaí dear sir or madame

An cuimhin leat an Ghaeltacht a bhíodh i gCúil Aodh,
An dornán bhí fágtha beo
Is d’íocadh cuairteoirí cúig phunt ag na doirse chun breathnú isteach ar an seó
ba mhór é an t-ionadh mar bhíodh na seandaoine ag labhairt na Gaeilge de shíor
bhíodar fós ar an stáitse nuair a fuaireadar bás is d’iarr an lucht freastail aisíoc

An cuimhin leat an uair a bhí Gaeilge ar chúrsa na hArdteistiméireacht’ fadó
Nuair a bhí sí compulsory bhí troid ins an scoil faoi
Is fuaireamar réidh léi fadó
No more fuddy duddies we’ll read Irish studies
Is tuigfidh muid fírinne an scéil
Bhí Erse ins an tír seo ag beagán dár muintir a d’imigh le teanga na nGael